Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Baile Iarthach Thuaidh, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
Le 240 acra, 1 ceathrú, 13 péirse sé Baile Iarthach Thuaidh an baile fearainn is mó achar i gCléire é agus tá sé roinnte in aon ghabháltas déag. Cnoc atá in a lán den talamh ó thuaidh. Dar le Donnchadh Shéamais Ó Drisceoil, Is breá Gaelach iad logainmneacha an Bhaile Iarthaigh mar atá- Rinn Árd a’ tSrutha, Béal na Gaidhge, Bollán na nDeargán, an Slios, An Leagánach agus go leor eile ar liosta le h-áireamh DSD. Pé ciall a bhaintear as an téarma ‘Baile’ tagraíonn sé i gcónaí do bhuanlonnaíocht de shórt éigin de chuid an duine daonna, bíodh aois na lonnaíochta luath nó déanach. Tá seo fíor i gcás ciall an téarma in Albain leis mar a bhfuil an téarma ar an eilimint is coitianta atá le fáil sa logainmníocht ansin.


Townland Name variations


For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Baile Iarthach Theas are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

1832 North Balleragh RW []
1833 Ballyeragh N. TAB []
1840 Baile Iartharach, Western Town NB
Ballyiragh North FPC, BSM
Balliragh BSR
Ballyiyragh North, Rental, NB
Ballyragh North NB
Ballyeiragh North, Rev. John Noonan NB
Ballyeirhagh North, Tythe Ledger, NB
Ballyieragh North, Local; JOD NB
[]
1841 Ballyieragh North SO 1, 2 []
1846 Ballyerach N., Ballyrach N., B.Iragh n. CRB []
1850 Bally. I. N. CRB []
1852 B.Ierach CRB []
1865 Balleara CRB []
1868 B.Iarach CRB []
1869 Ballyiaragh CRB []
1876 By. Ieraght, BallyIragh CRB []
1881 Ballyierach CRB []
1887 N. Ballyeragh CRB []
1908 Baile Iarthach, i.e. Western JMB 121 []
1918 Baile Iarthach, Western Townland JPC 60 []
1938 Baileiarrach, CÓS RBÉ 609:215 []
1940 Baile Iarthach Thuaidh LSC 1, 2 []
1973 Ballyieragh, Western Townland NHC 33 []
1975 Baile Iarthach Thuaidh = West Townland North MFC 134 []
1976 Baile Iarthach Thuaidh PC []
1986 Baile Iarthach,Western place or township PHPNWC 35 []
1990 An Baile Iarthach CFC 81 []
2004 Baile Iarthach Thuaidh OLCG []

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Sources Description
1. An Cuan PC, Cuan Trá Ciaráin PC, RBÉ 609:263 Baile Iarthach Theas
2. Béal Chuan Trá Chiaráin PC, RBÉ 609:263 Idir Mionnán na Caillí agus Pointe Chiaráin tá Beál an Chuain.
3. Tráigh Chiaráin PC, LSC 1, 2, CFC 127 Findracht Cleri, i.e. Fionn Tráigh Chléire a bhí ar Thráigh Chiaráin i bhfad siar. Is gnáth anois sa chaint Trá Ciarán nó Tráigh Chiaráin á thabhairt ar cheantar an Chuain ar fad seachas ar an trá féin amháin. Trá chlochach atá inti. Cf. Memories of Tráigh Chiaráin, dán le J.K. Cotter CCE. Tá Tráigh Chille Chiaráin tugtha, leis, uirthi. Cf. An Branar, Iml. 1, Uimh. 4, 143-48. Bhíodh an Tráigh Fionn, leis air. Is é an chéad naomh é de naomhaibh na hÉireann Ciarán a saolaíodh i gCléire. Laighne an ainm a bhí ar a athair agus cuid de uaislibh Osraí
4. An Doic PC, Dock SO I Ní raibh aon chuan i gCléire go bhféadfaí bád a choiméad ann sa gheimhreadh agus b’éigean na báid a tharrac go hard ar tír nó iad a shuncáil. Sa bhliain 1832 tuairiscíodh go raibh i dTrá Chiaráin: [A] pier and basin for the safety of the fishing boats, the largest of which contains from ten to twelve tons RW 26. In 1844 dúrthas sa Parliamentary Gazetteer of Ireland go raibh cé tógtha ar an taobh thoir de Thrá Chíaráin. Cé Sheáin Rua a thugtar ar an gCé seo anois. Is beag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí faoi 1875 nuair a scríobh Daniel Donovan in Sketches in Carbery (1875), 66: There is an inner basin, which has been enclosed by a pier, but still the hookers and pilot boats could not be moored there with any safety. Accordingly the fishermen are compelled during the winter months, either to sink their craft, or haul them high up on the beach. Bord na nOibreacha Poiblí a thóg idir 1903 agus 1906, An Doic atá anois i gCuan Trá Chiaráin agus a bhfuil plean de agus des na hathraithe eile a deineadh i 1987-88, sé sin Plan of North Harbour le fáil i Cape Clear Island: Its People and Landscape (1999), 43.
5. An Cé PC, Duffy’s Pier PC Tógadh an phríomhché, Cé Duffy ar an oileán idir 1840 agus 1846. Thart ar an am seo chomh maith a tógadh mórchuid den stoirmchosc. Anseo leis a cónaigh Ó Dufaigh, maor oibre, i dtigh beag cloiche atá fós in úsáid mar stór ag Máistir an Chuain. Baineadh na clocha don obair tógála i ndhá chairéal a bhí suite ar na faillte arda os cionn an chuain. Scaoileadh iad le fána an chnoic agus tógadh trasna an chuain iad ar bháirsí. Iompraíodh an smionagar ón suíomh ar bhóthar iarainn simplí a leagadh gar don áit ina bhfuil Tigh na nÉan anois. Duffy’s Pier atá ar an Congested District Board Plan 1903 den Chuan. Is anseo a bhuaileann bád farantóireachta Chléire, Naomh Ciarán II, port. Bhí iomlán Duffy’s Pier tógtha faoi 1876. In aimsir Bhord na nOibreacha Poiblí is cosúil go raibh maor oibre ann arb ainm do Duffy agus gurb uaidh a ainmníodh Duffy’s Pier, príomh-ché Thrá Chiaráin. Ní raibh an t-ainm Duffy’s Pier i mbéal an ghnáth-phobail riamh. Is ar cháipéisí oifigiúla atá fáil ar an ainm. An Ché a bhíonn ag daoine air. Réabadh barr na cé le linn stoirme i mí na Nollag agus Eanáir 1987-’88 agus b’éigin athchóiriú agus aththógáil a dhéanamh ar An Ché i Samhradh 1988.
6. Leaba Bhád an Phoist PC, Mooring Posts and Quay SO 2 Is anseo a bhuaileadh Bád an Phoist, Dún an Óir port 1932-58. Nuair a solátharaíodh Naomh Ciarán (1958) mar bhád Poist, chuirtí daoine ar tír ag ceann na Cé. Bhi an fógra a deineadh don chéad ionad cur ar tír ina sheasamh sa sean láthair go dti 2003. ‘Leaba Bhád an Phoist’ atá ar an bPlean don bhfógra seo a tógadh i 1932 nuair a tháinig bád poist Dún an Óir go Cléire ar dtúis. Thosnaigh seirbhís poist oifigiúil ar an gcéad lá d’Aibreán 1894; bád sé mhaide gan seol gan inneall a bhí sa chéad bhád poist. Go Faill Chua a thagadh bád an phoist an uair sin. I ndiaidh an bháid sé mhaide, do thugtaí an post i yawl béal oscailte ar feadh tamaill mhóir agus tugtaí é gach re seal le seol nó le maidí rámha go dtí 1910 nuair a fuaireamar an chéad bhád mótair ó Roinn Shasanach. Ina dhiaidh san arís do thit conradh an phoist chun daoine ag a raibh a mbáid féin ó am go h-am go dtí timpeall 1931 nuair a tháinig bád poist nua faoi’n stát go dtí an t-oileán. Dún an Óir ab ainm do Bád an Phoist 1932 seo a tógadh sa Scoil Iascaireachta i nDún na Séad. Tá an bád athchóirithe mar bhád seoil anois in Inis Earcáin.
7. Tobar Chiaráin PC Tobar fíor-uisce atá ann nach dtéann i ndísc riamh. Is i 1960 a deineadh foinse an tobair a aimsiú. Roimhe sin bhíodh uisce an tobair ag briseadh aníos ar an dtrá. Is é Naomh Ciarán a saolaíodh, de réir an tseanchais, in aice leis an dTráigh Fionn timpeall na bliana 375 A.D. pátrún an oileáin. Tá cur síos ar bheatha an naoimh le fail i Naomh Ciarán:Pilgrim Islander (2000) le húdar an tsaothair seo.
8. Gallán Chiaráin PC, An Gallán DSD Gallaunkieran SO 1, 2. Situated in the townland of Glebe, atá scríte ar NB i 1839 ach is le baile fearann an Bhaile Iarthaigh Thuaidh atá an chloch seo ar léarscáil na Suirbhéireachta 1841 agus ó shin i leith. I gcuan Trá Chiaráin tuairim leath na trá idir ceann tiar na cé agus an Leaca Mhór a bhí Gallán Chiaráin tráth. Toisc an gallán a bheith curtha síos i mbanc de chré bhog in uachtar na trá, gearradh an bonn ón mbanc sin le himeacht aimsire agus thit an gallán anuas ar an dtráigh. Aistríodh é go dtí an áit ina bhfuil sé anois, sa bhliain 1960. Seasann an gallán tuairim cúig troithe os cionn leibhéal an tailimh agus tá trí chrosanna timpeall le dhá throigh ar fhaid gearrtha isteach ann. Tá cros ar gach taobh den ghallán agus tá ceann eile gearrtha isteach ar a bharra. Tharlódh gur gallán ó Ré an Iarainn atá ann agus gur deineadh ‘críostú’ air le teacht na Críostaíochta go Cléire faoi anáil Naomh Ciaráin. Cf. O’Leary and Twohig, JCHAS, 1993: 133-140.
9. Tigh na nÉan PÓL, Áras Lucht na nÉan DSD, 1910 Mrs Burke’s Store VB, 1929 Harbour View Hotel GPD, Harbour House NHC I88, 1962 Bird Observatory NHC 188 Thug an Dr. J.T.R. Sharrock agus ceathrar Sasanach óg cuairt ar Chléire sa bhliain 1959 d’fhonn staidéar a dhéanamh ar éanlaith an oileáin. Bhí an oiread sin éagsúlacht éan ann gur beartaíodh stáisiún faire éan a bhunú i gCléire. Lonnaigh lucht na n-éan sa tigh ina bhfuil An Brú in Inbhear i 1959. Stroma a bhí mar ainm ag lucht faire éan ar thigh i Lios Ó Móine a bhí in úsáid acu ó 1960. Is ag imeall Trá Chiaráin atá Áras Lucht na nÉan ó 1962. Siopa le muintir de Búrca a bhí ann roimhe sin. Tá cáil ar fud an domhain ar an Cape Clear Bird Observatory ar fheabhas na hoibre atá déanta ag an gcoiste stiúrtha. Foilsítear tuarascáil dar teideal Cape Clear Bird Observatory Report go rialta. Cf.’The History of the Obsevatory’, NHC 186-191.
10. An Reilig DSD, Reilig Chiaráin PC, Cill Chiaráin DSD, Cill Chiarain, i.e. St. Ciaran’s church Misc.(1849), 22, Cill–Chearain, Cusack 502, C. Chiaráin, Kilkieran Onom. 181 Is minicí an t-ainm Reilig Chiaráin a bheith i mbéal daoine ná Cill Chiaráin. Ní chloistear Reilig Chill Ciaráin dá rá, bíodh go raibh Reilig Chill Bhrún, atá suite ar an gComalán sa chaint ag Bill Curtin BC. Ta sé Chill i gCléire agus i gCorcaigh tá 322 ainmneacha bailte fearainn a bhfuil Kil nó Kill ina príomheilimint. B’é Finín Mac Gearailt, saor cloiche cáiliúil a mhair ar an oiléan sa 19ú aois, a ghearr roinnt de na leaca atá sa reilig. Deirtear faoi Fhinín gur thuar sé go raibh gorta agus dífhostaíocht i ndán don tír seo agus gur bhailigh sé leis dá bharr san go Meiriceá Thuaidh.
11. Teampall Chiaráin PC Ar bhruach an chalaidh i gcuan Tráigh Chiaráin tá Reilig agus Teampall Chiaráin. Tá an teampall istigh sa reilig. Cé ná fuil ins an teampall sin ach cabhlach, tá sé de éileamh air go bhfuil sé ar an dteampall is sine in Éirinn. Deirtear gurb é sin an chéad séipéal a cuireadh suas in Éirinn. Níl aon tseanchas beagnach mar gheall ar Theampall ná Reilig Naomh Chiarán. De réir mar a chualag, tá pinniúir thoir an teampaill déanta nua, ach an taobhfhalla theas go bhfuil an doras ann atá ag dul isteach sa teampall, tá áirse os cionn an dorais sin agus deir siad go bhfuil an áirse an-aosta ar fad CÓS RBÉ 609:278.

I dtuairisc ar The Parish and Island of Capecleare a ghabhann le léarscáil an Down Survey do Chléire, deirtear: There stands thereon a church and castle garisoned. Níl fágtha inniu den séipéal cloiche seo ar a dtugtar Cill Chiaráin ach na ceithre fallaí. Meastar nach é seo an chéad séipéal a sheas ar an láthair seo. Cf. ‘Religious Aspects of Cléire’, Cape Clear Island, Its People and Landscape (1999).

Ach is minic a chuala seandaoine a rá, éinne riamh a chuirfí laistigh d’fhallaí Theampall Naomh Ciarán, ná raghadh an té sin go hIfreann go deo. Tá daoine dá gcur i gcónaí i Reilig agus i dTeampall Naomh Ciarán. Níl aon reilig eile Chaitlicí ins an oileán ach í. Agus na coirp atá curtha ann, ní bhacfadh na francaigh iad, mar tá sé ráite riamh ná bacfaidís, agus tá sé fíor leis, mar ní fheacthais rian francaigh riamh ar aon chorp ina ndiaidh. Tá a n-uaigh féin ag gach muintir ins an reilig. An talamh atá mórthimpeall ar an reilig, ‘talamh na cille’ a tugtar air DSD.

Tógadh an séipéal sa 12ú nó sa 13ú aois ach meastar go bhfuil sé suite ar shuíomh atá níos ársa. Seans gur ar an láthair céanna a thóg Naomh Ciarán séipéal ar dtús. Tá an reilig fós in úsáid. Ba é an tAthair T. J. Ó Suilleabháin a dhein coimisiniú ar an bhfalla a tógadh timpeall na reilige, 1906-1907. Is anseo atá curtha údar Seanchas Chléire, Conchúr Ó Síocháin, Donnchadh Ó Drisceoil, údar Aistí Ó Chléire, Ciarán Ó Síocháin, bailitheoir cáiliúil béaloidis, agus pobal Chléire riamh anall.

Is baill de chlanna faoi leith a chuirtear taobh istigh de fhallaí Theampall Chiaráin féin go dtí an lá inniu. Is anso a thóg Ciarán Naofa a chéad séipéal más fíor don seanchas:

Insa Chonair chluthair ar thaobh na gréine
Sea a dhein Ciarán Naofa ar dtúis a chill SC 113.
12. Uaigh Chonchúir 'ac Éireamhóin DSD Tá leac thart ar ocht dtroigh ar fhaid taobh istigh de áirse Theampaill Chiaráin á chlúdú. Cf. Tigh Chonchúir 'ac Éireamhóin C 168.

Do bhí sé de éileamh ar Chonchúr go raibh sé ar cheann de na fir ba threise a bhí i gContae Chorcaí. Ar aon chuma, níor buadh riamh in aon chomórtas air, ag triail a nirt. Fear tréan láidir ab ea Conchúr. Tá mórán scéalta instithe mar gheall ar ghaisce Chonchúir. Bhí Tigh Chonchúir 'ac Éireamhóin ag Cnoc Rinn Ghuaille ar an gComalán.
13. Bosca an Phúdair PC, Powder Box PC Is anseo a bhíodh ábhar pléascaigh i.e. dinimít i dtaisce in aimsir Bhord na nOibreacha Poiblí c.1900 nuair a deineadh tógáil i dTrá Ciaráin. Deineadh an chuid is mó den ábhar tógála do chóiriú an Chuain i 1904-05 a bhaint gar do Thrá Leagaigh. Taisceadán stroighne, 3 x 3 ina mbíodh ábhar pléascaigh atá i mBosca an Phúdair.
14. Pointe Chiaráin, The Bull's Nose PC Lucht na mbád seoil a bhaist The Bull's Nose ar an bpointe seo.
15. Pointe na Ríthe PC Pointe talaimh a shíneann amach sa Chuan.
16. Pointe na Cille PC Pointe talaimh a shíneann chun farraige.
17. An Lic Bhuí PC Gaineamh 'dearg' atá ann agus is dócha gur tháinig an t-ainm as san, táim
62 63
siúráltha DSD.
18. Poll na Gainimhe PC B'fhéidir gur Poll na gCáiní atá san ainm ó cheart. Dúrthas go mbíodh Cánóga le feiscint ann.
19. An Rabha PC Beart iascaireachta sa bhfarraige.
Rabha, bain., iol. Rabhaite, carraig dhoimhin ná nochtfadh in aon chor agus mar sin féin a bheadh dainséartha. Tá 'seó' rabhaite ansan, talamh salach is ea é TDF 63.
Rabha: Is í an rabha an áit iascaigh is giorra den talamh (an tír). Carraig 'sea an rabha a bhíonn ag eirí aníos ó thóin poill. Ní nach ionadh ní mór ná gur mar a chéile an doimhneas uisce atá ar na rabhatacha go léir: Tá formhór acu idir dhá uisce, s'é sin le rá go mbíonn a bhfíor mbarra nochtaithe lá sciúiríoch an ghuarnáin. In aon fhocal amhaín, níl na rabhatach ar do chaon doimhneas uisce, ó bórd go talamh mar a deárfá. Glaotar Boilgeacht ar na rabhatacha leis mar ainm. Dá bhrí sin is mar a chéile an Rabha agus an Bhoilg. Ní mór ná gur talamh lóigh (feama) an mianach atá in íochtar na farraige mór timpeall ar an rogha nó an bhoilg mar a thugtar uirthi uaireanta. Talamh salach a thugtar ar an sórd so tailimh. Tugtar talamh achrannach, air chomh maith Cf. An Rabha, CÓS RBÉ 742:324 agus Ainmneacha boilgeacha agus rabhatacha CÓS RBÉ 742:327-328.
Tagann ceithre rabhtaí móra gach bliain-rabhta na Féile Pádraig agus rabhta na Cásca, rabhta na Féile Michíl agus rabhta na Nollag. Is é rabhta na Cásca an rabhta is mó a thagann. Tránn an t-uisce níos doimhne ansan ná aon uair eile. Ach tagann taoide mhór gach mí le h-airde na rae CFOC 219, 43-18.
20. Cuas na Gainimhe PC Cuaisín beag gainmheach.
21. Rabha Thráigh Ciaráin PC Beart iascaireachta taobh amuigh de bhéal an chuain.
22. Oileán na gCeard PC PC Roimh Chath Chionn tSáile is ann a dheintí na h-airm. Bhíodh an t-oileán seo i bhfad níos mó gan amhras tráth. Ní nach ionadh san tá go leor den oileán titithe leis an bhfaill ó shin agus níl mórán de ann ach amháin an ainm Oileán na gCeard PC.
23. Boilg Oileán na gCeard PC PC
24. Díleann na Cille PC PC Ritheann taoide ana-ard anseo isteach. Cf. Díle, díleann, dílinne, a flood, a deluge, the sea, the ocean FGD.
25. Cuas na gColúr PC PC An Colúr Uisce: le hais na mara a neadaíonn sé. Bíonn fáil i gCléire ó cheann ceann na bliana ar an gcolúr. Is i Meán Fómhair-Deireadh Fómhair, Nollaig-Eanáir a bhíonn an líon is mó díobh le feiscint.
26. Rinn na nGreann PC, Rinn na nGréin LNDF 1928:88, An Rann PC PC, LNDF 1928:88 Luaitear The Townland of Glebe sa NB agus an Glebelande ar an DST, rud a thugann le fios go raibh an Glebe ina roinn talaimh ann féin, scartha ó Bhaile Iarthach Thuaidh tráth. Tá an téarma Rann i logainmneacha coitianta go leor, Cf. ONOM 578–9 mar a bhfuil 24 logainm a bhfuil an eilimint Rann iontu. Cnoc ar ghob nó rinn talún atá ann. B’fhéidir gur Cnoc Rinn na gCeann atá san ainm Cf. Rinn, IT. 18/2/1981.
27. Poll an Amhrais PC, Cave SO 1, 2 Áit ana-chontúirteach é PC. Poll Séideáin nó Poll Seantoinne atá ann. I gcuid de na pluaiseanna sna hailltreacha ar an imeall-bhord, téann an fharraige isteach iontu, agus ghníonn poll trí uachtar na pluaise. Nuair a bhíonn anfa ann séidtear an fharraige cháite suas thrí na poill seo, agus ar a leithéid sin de phoill tugtar poill seantoinne. Blowhole, DPG 66, PDG 29
28-29. Cnoc Rinn na nGreann PC Talamh garbh is ea an chuid is mó de.
30. Trá Leagaigh PC, LSC 2, SC 112 Trá a bhfuil leacacha móra le fáil inti. Baineadh mórchuid cloch anseo le haghaidh oibreacha tógála sa Chuan i 1904. Is ar bhóthar beag iarainn a deineadh na leacacha móra a iompar ón gcoiréil anseo go dtí an ché. Is dócha gur ó na leacacha is na clocha a bhaintí amach ann a tugadh Trá Leagaigh uirthi. Tá an t-ainm Trá Leagaigh le fáil, leis, in Inis Earcáin.
31. An Com PC Tá seacht gcinn de ainmneacha i gCléire leis an eilimint ‘com’ iontu. Is ionann com agus log sa talamh. Com a hollow, FGD; Com, coomb, cirque or corrie, a deep, rounded hollow with steep sides, formed through erosion by snow and ice, and thus characteristic of regions which have been glaciated DPG 40.
32. Com na Cille PC LSC 2, SC 112, Cúm na Cille LSC 1 Com na Cille = Coomb, or Hollow of the Church or Churchyard MFC 134.
33. Cuas na Srann PC PC B’fhéidir gur ón bhfuaim a dheineann an fharraige anseo a ainmníodh PC. Cf. Srann, a humming noise made by wind FGD.
34-35. Gort na Cille PC PC
36. Loch na Cille PC PC, Lough BSM Bíonn uisce ina stad ann sa gheimhreadh, ach ní loch ceart é.
37. Cnocán na Mucallaí PC PC Bothán do mhuca déanta de chlocha garbha a bhí sa mhucallach. Is dócha go raibh mucallach i mball éigin ann.
Mucallach: Ins an tseanshaol, nuair a bhíodh daoine chun tí a thógáil, dob é an ball ba mhinicí leo é a dhéanamh, istigh faoi bhéillic nó sa bhfoithin in áit éigin. Ins an aimsir sin, ní raibh aon tithe beaga ná sciobóilí lasmuigh de na tithe cónaithe, ach cró bheag a bhíodh chun muc a choinneáil. ‘Mucallach’ a tugtaí ar an gcró bhig sin. Ní bhíodh puinn gnótha de na tithe amuigh, mar ní bhíodh ag éinne ins an oileán ach bó agus gamhain. Do bhíodh an bhó agus an ghamhain istigh ar urlár na cistean sa tigh cónaithe ag caitheamh an gheimhridh CÓS RBÉ 609: 222-38.
38-40. Gort an Gharraí PC PC
41. An Pháirc Nua PC PC
42. Gort Nóra Ní Bhuacháin PC PC Gort le Nóra Bohane, i.e. 1848 Norry Boohane CRB.
43. Gort an Oighinn PC Oigheann, a pan, a cauldron, an earthen pot; a river source FGD. B’fhéidir go raibh soitheach le haghaidh uisce ag Tobar an Oighin BIT 44 agus gur uaidh a ainmníodh. Ní raibh de mhíniú ag PC ar an ainm ach gurb ionann oighean agus ‘pan’. Gar don Sciobairín, Co. Chorcaí tá Loch Oighin.
44. Tobar an Oighinn PC
45. Glebe DSD, RW, TAB, The Glebe, Glebe Land RV, Glebeland DSM, Gleabe Lande of Capecleere DST The Glebe, on which are the ruins of an ancient church, comprises 25a.3r.26p Lewis 250. Glacadh an focal Glebe isteach sa Ghaeilge-An Ghleidhb, t. gin – na Gleidhbe. Gnáthainm é do phíosa talún a ghabhadh leis na heaglaisí agus do coigistíodh tar éis creacha na heaglaise. An talamh atá mórthimpeall ar an reilig, ‘talamh na cille’ a thugtar air [DSD]. Ar léarscáil Chléire de chuid an Down Survey 1655 faightear 6 gn., 10 n-acra ‘Arable & pasture’ luaite i leith Glebe. Tá Knoghr O’ Driscoll tionónta, luaite leis an Glebe land of Cape-leer sa BSD, c.1666. Bhí an 25 acra de thalamh na cille faoi dheachú £34, leath a bhí iníoctha le Beecher, an tiarna talún agus an leath eile leis an ministéir. Ní raibh, dar le Lewis sa bhliain 1837, teach biocáire ná teampall ar an oileán.
46-51. Na Lochtíní PC Cúig cinn de gharraíocha beaga atá iontu. Is leath-árdáin atá sa talamh iontu.
52. Garraí an Datha PC Sa seanathigh anseo bhí cónaí ar William Hayes múinteoir scoile, c.1849.
53. Leaca na Trá PC
54. Gort an Ghalláin, Páirc an Ghalláin PC Tagairt do Ghallán Chiaráin a bhí suite sa ghort seo sarar aistríodh é (1920) go dtí an suíomh mar a bhfuil sé anois, agus roimh thógáil an chlaí atá anois ar theorainn thuaidh na páirce. Tá cuntas ar aistriú an ghalláin ón dtrá go dtí an suíomh mar a bhfuil sé anois le fáil in ‘Gallán Chiaráin’ JCHAS, 93 (1993), 138. Tá bungaló nuathógtha ann ag Máire Ní Chéadagáin.
55. An Currach PC
56. Tobar an Churraigh, Tobar an Churrach PC
57. An Seolán PC Ní fios cad uaidh a ainmníodh. ‘Seolán,’ sorrow FGD.
58. Garraí Con, Garraí Con Hegarty PC i.e. 1928 Cornelius Hegarty VB.
59. Boathouse PC 1881, VB, 1917 VB (in ruins) Dhein an tAth. Henry Leader, Sagart Paróiste na Rátha, caireadas le Sir Robert Peel a tháinig go Cléire chun an drochbhail a bhí ar oileánaigh sa bhliain 1862 a iniúcadh ar an láthair dó féin. Chuir Peel bád ar fáil do mhuintir an oileáin ar a raibh an Lady Peel agus tógadh an Boathouse ag Trá Chiaráin don bhád céanna. Tá rian chabhlach an Boathouse le feiscint os comhair An Siopa Beag agus Club Chléire. Is anseo, leis, níos déanaí a bhí bád leis an tiarna tailimh Beecher faoi choimeád. Bád sé mhaide a bhí ann. Bhí aighneas dlí idir an tiarna tailimh, Sir Henry W. Beecher, agus duine de mhuintir an oileáin faoi úinéireacht na háite agus chuaigh an lá leis an tiarna tailimh sa bhliain 1883.
60. Garraí Chonchúir Uí Fhranncach PC, Uí Gheanncach Luadh Uí Fhranncach agus Uí Gheancach. D’fhéadfaí geanncach a thabhairt ar dhuine claon casta. Ní fios an Conghailigh nó Niallaigh a bhí sna Geancaigh. Dar le PC ba ó dhuine de mhuintir Neill a raibh an leasainm Uí Fhranncach air a ainmníodh. Conghailigh ba ea Na Geanncaigh, leis, agus dúrthas go raibh cónaí ar dhuine díobh ansin. B’ fhéidir gur duine den sloinne Neill a bhí pósta ag duine de na Conghailigh nó na Geanncaigh atá i gceist. Tá Garraí Dhonncha Uí Fhranncach i Lios Ó Móine LM 118 agus Conghaileach ba ea an Donncha seo.
61. Áit an Chatha, Áitín an Chatha PC Tagairt don ionsaí a deineadh ar Chaisleán Dhún an Óir i 1602. Anseo ag Áit an Chatha, in aimsir Carew ó bharr na Faille Airde a leagadh an bhréiste le piléar gunna mhóir atá le feiscint ar lár i nDún an Óir. Tá dhá cheann de na liathróidí canúin a scaoileadh le Dún an Óir uair éigin le linn cogaidh ar taispeáint in iarsmalann an oileáin.
62-63. Leaca an Chaisleáin PC An leaca gar do Chaisleán Dhún an Óir.
64. Dún an Óir PC, LSC 1, 2, ONOM. 376, CFC 92 Caisleán de chuid Taoiseach na nDrisceolach an Ridire Finín Ó Drisceoil ab ea an túr daingean cloiche seo. Meastar gur sa tríú haois déag a tógadh é. Baineann sé leis an stíl Normanach. Tharlódh go bhfuair sé a ainm toisc taisce óir a bheith curtha ann, de réir an bhéaloidis, nó b’fhéidir toisc buí gréine a bheith ag óradh na háite. Ag éirí amach as an gCuan an té a fhéachfadh chun deiridh i dtreo na láimhe clé cífidh sé Caisleán Dhún an Óir. Caisleán de chuid Drisceolach, áit an-chontúirteach ar fad. Tá an seanchaisleán suite mar a bheadh sé ina oileán mara agus é briste stollta réabtha anuas ag an anfa inniu, agus ar éigin a fhéadfaí dul isteach ann. Ní mar sin a bhí sé i gcónaí áfach, ach tá an talamh titithe as a chéile agus níl ann ach a leath anois agus tá sé an-bhaolach dul amach ann. I ndiaidh Cath Chionn tSáile ’sé an Ginearál Harvey a chuir an caisleán san as a chéile DSD.
65. Cuas an Dúna PC, CFC 93, MFC 136 Cuas fada doimhin le failltreacha arda ar gach taobh atá ann. Do bhí flít loingeas ag baint leis na Drisceolaigh agus is é an áit go rabhadar feistithe idir an caisleán agus an talamh theas. Cuas an Dúna a tugtar ar an áit go raibh na loingeasa feistithe. Ionad cuain is ea Cuas an Dúna go bhfuil uisce doimhin ann, agus tá na stacaí agus na hionaid feistithe a bhí ag na Drisceolaigh
66-67. Ceann Róin PC, LDF, LSC 1 RBÉ S 295:15 Tagann rónta le chéile anseo agus bíonn siad ag cúpláil ann. Tá sé taobh thiar den chaisleán agus tá sé mar a bheadh ceann róin air. Is minic a théadh na fir ag iascach fadó shin ar Cheann Róin atá laistiar den tSeana-Chaisleán PC
67. Tón Loing PC, Tón Luing Mhór LDF, LNDF 1928:88 Sin iad na carraigreacha taobh amuigh den seanchaisleán. Deirtear go bhfuil crot ar na carraigreacha ar nós loingeas a bheadh iompaithe bun-os-cionn PC
68. Boilg Thón Luing PC, Tón Loing Bheag LNDF 1928:88
69. Rabha Thón Loing PC An ball iascaireachta a thimpeallaíonn Tón Luing. Cf. An Rabha BIT 19.
70. Boilg na Feamainní PC Is carraig fén uisce Boilg na Feamanaí agus eiríonn farraigí an-arda dá droim le linn gála. Bíonn na farraigí úd scannrúil. Cf. IT. 09/11/1983.
71. Gort an Chuaillí PC Bhí cuaillí seanchabhlach tí ann le fada PC.
72-73. Gort an Chuaillí PC
74. Páirc na Síofraí PC Bhíodh eagla ar dhaoine roimh na síofraí agus bhíodh daoine eile ná cuireadh aon t-suim iontu. Do creideadh go láidir iontu agus ina gcumhachtaí diabhlaíochta nó a mhalairt. Daoine a mbíodh eagla orthu roimh an dream diamhrach so, ní raghaidís amach san oíche gan smearóid dhearg nó cadhrán dearg do bhreith leo ar barra babhla nó bior dála péice píce. Thugadh daoine lóchrainntí leo leis mar chosaint san oíche. Ba é an discréad cúpla brobh tuí fillte ar a chéile chun go mbeidís timpeall sé órlach ar fhaid agus é a thumadh in uisce croisrig Cf. Siofraí, ADSD 63-64.
75. An Geamharghort PC Nuair a bhíonn an t-arbhar beagán aníos as an dtalamh, bíonn sé i ngeabhar, nó bíonn geabhar air nuair a bhíonn sé éirithe go maith aníos as an gcreafóig. Thabharfaí páirc geamhair leis ar a leithéid BB 44-45. Geamhair, corn in the blade; a green blade of corn; corn grass FGD.
76. Páirc an Bhumba PC Bhí Cochlánaigh an Bhaile Iarthaigh nó Na Spáinnigh mar ba fhorshloinne dóibh ina mbáillí ag an tiarna talaimh. Bhí an dearg-ghráin ag daoine orthu. Is dócha gur ó dhuine de shliocht Shéamais Uí Chochláin, An Spáinneach Mór, an bumba, nó an bumbáille a ainmníodh Páirc an Bhumba. Tá Garraí Shéamais Spáinnigh i mBaile Iarthach Thuaidh agus Garraí Mháire Spáinní i mBaile Iarthach Theas. Is dóichí gur tagairt do bháille an tiarna talaimh atá i gceist PC. Cf. Bum-báille, a bum-bailiff FGD.
77. Malainn an Chumair PC Mullach nó an chuid is airde den Chumar.
78. Sruthán an Cháisleáin PC Tá sruthán ag teacht amach ón mBhrollach agus ag dul isteach sa bhfarraige mar atá léite sa litriú. Cf. Sruthán-an-Caisleáin. Cad a thagann amach as an bhRollach. Tá an sruthán i bhfad ró-thinnte don ionad. Sruthán = streamlet, rill, a small stream.
79. Bealach na Sí PC
80. Tigh an Choitirigh PC Tigh le Ciarán Mac Coitir, i.e. 1898 Kieran Cotter (Licence) VB. Hotel SO 2 Cotter’s Hotel agus an Central Hotel a bhí air i lár na haoise seo caite. Is i seilbh Coitirigh a bhí an tábhairne agus an gabháltas a ghaibh leis le fada go dtí 1989 nuair a cheannaigh Máire Ní Chéadagáin ón nGlebe é. Tugadh an Nightjar air ar feadh cúpla bliain ach Cotter’s atá air arís. Ceannaitheoirí iasc, lucht gnó agus tábhairneoirí ba ea na Coitirigh a bhí anseo. Píolóití ba ea iad, leis, tráth.
81. Talamh an Rí PC, RBÉ S 295:43-44 Is léir ó fhianaise an VB mar a bhfuil Public House (the Crown) luaite, gur ón gCoróin a gheibhtí léas ar an dtigh tábhairne an síbín a bhí ó 1881 anseo ag Muintir Dálaigh. B’shin é ba chúis, is dócha le Talamh an Rí a bheith ar láthaireán Tábhairne de Búrca agus Siopa de Búrca sa Chomar. Bhí Daly’s ar thábhairne anseo tráth agus bhí John Daly, Captaen an Thomas Joseph a chuaigh go tóin poill gar do Inis Earcáin i 1918, ar dhuine de Dhálaigh an Chumair. Conchúr Ó Riagáin a cheannaigh an tábhairne sna fichidí agus phós Máire, iníon Chonchúir, Donncha de Búrca. Ag Donncha atá an áit fós. Is ag Con nó Conchúr Ó Riagáin a bhí an bád St. Ultan a dhein tartháil ar chriú an Hazelside a cuireadh go tóin poill aon mhíle déag amach ó Chléire i 1939.
82. Tábhairne de Búrca PC, Paddy Burke’s PC De réir Guy’s Postal Directory, An Shamrock Hotel a bhí air i 1924. Ní thugtar anois air ach ‘Paddy Burke’s’. Burke’s nó Paddy Burke’s is gnáth a thabhairt ar an dtigh tábhairne seo. Tá an cruth céanna ar an mbeár istigh is a bhí air céad bliain ó shin. Sa VB luaitear Patrick Burke (Public House) mar úinéir sa bhliain 1898.
83. An Comar PC, DSD, CÓS RBÉ 609:215. Tá an Cumar thíos i gclais dhoimhin idir dhá chnoc. Tá Cnoc an tSuíocháin ar thaobh thiar an Chumair agus tá Cnoc Phoill an Phúca ar an dtaobh thoir, agus tá cuan ar an dtaobh theas den Chumar go dtugtar ‘Iníor’ air, agus an cuas is fearr ins an oileán ar an dtaobh thuaidh den Chumar, Tráigh Chiaráin. Baile is ea an Cumar atá ag deighilt dhá thaobh an oileáin óna chéile, is é sin, taobh thiar an oileáin agus taobh thoir an oileáin DSD.
84. Danzig PC Ainm magúil ‘sea Danzig. Bhí aighneas i dtaobh an tí sin thart ar 1937 nuair a bhí clampar ar siúl ag Hitler faoi chathair Danzig.
85. Carraig an Chumair PC
86. An Lána PC, Tithe na nIascairí PC, DS Sraith seacht gcinn de thithe beaga díon-slinneacha atá sa Lána. Sir Willlam Wrixon Beecher a chuir dá dtógáil iad thart ar 1843. Bhronn Beecher ioncam na dtithe ar an Oirmh. Edward Spring a tháinig go Cléire c. 1847 agus bhí na tithe ligthe ar cíos aige chuig lucht freastal seirbhísí Protastúnacha ar an oileán.
87-89. Cnoc an Bhaile Thuaidh PC
90-91. An Mhuireann PC ’Sé is muireann ná rud a bheadh ina ualach ar dhuine FGD. B’fhéidir go raibh an Mhuireann, an Mhuireann Mhór agus an Mhuireann Bhuí deacair le hoibriú agus dá réir sin ina nualach.
92. An Mhuireann Mhór PC, An Mhuireann Mór PC
93. An Mhuireann Bhuí PC
94. Port Mionnán Buí PC
95. Cnoc an tSuíocháin PC, CÓS RBÉ 609:219, CFC 62. Is é ‘Oileán Beag ‘sea Cléire’ an dán is cáiliúla dár chum John K. Cotter, an Gleann, Cléire. Luaitear ann, Cnoc an tSuíocháin ar a dtéadh daoine ag dreapadh mar chaitheamh aimsire agus iad ag faire ar raic agus ar an tsráid bheag sa Chomar.
96. Claí na Cloiche Báine PC Tá gallán ceithre throigh déag ar fhaid ina luí istigh faoin gclaí ann. Deirtear go raibh an gallán ina sheasamh uair amháin PC.
97. Páirc na Neataí PC Is dóichí gur páirc neantóga atá i gceist san ainm.
98. Garraí na nDeargán PC Chuirtí éisc ag tirimiú ann agus is dóichí gur uaidh seo a ainmníodh. Cf. Deargán Fómhair, ADSD 117-18.
99-100. Córas Sliogán PC

NHC 35
Dhá pháirc Aitinn Fhranncach iad PC. B’fhéidir gur Cora Sliogáin atá san ainm seo. Cf. Sliogán, a little flat stone, Carrigasleggaun, Glasnasliggan PNCW 505.
101-102. Gort an Chuaillí PC Tá cuaillí seantí ann.
103-107. Na Garraíocha Beaga PC, Na Garraithe Beaga PC Tá cúig cinn de gharraíocha beaga ann, a bhíodh thar barr chun prátaí PC
108. An Fhaill Ard PC, MFC 137, Faill an Chaisleáin DSD, Faill Ard an Chaisleáin DSD, SC 109. Cuireadh an t-ainm seo air toisc gurbh é ceann de na faillte is airde ar an oileán é. Bhíodh bóthar ag triall ar Chaisleán Dhún an Óir thairis tráth. Is minic gan ach an Fhaill Ard á thabhairt air. Tá airde 200’ os cionn farraige sa bhfaill agus bíonn farraigí arda glórach ina choinne de shíor [DSD].
109. An Mionnán Buí PC, Minnaunboy SO 2. Mionnán ‘sea gabhar óg agus is minic fáil ar an téarma ‘mionnán’ luaite i logainmneacha. Pointe ard carriage atá i Mionnán Buí PC.
110. Cuas na gCánóg PC, LSC 1, 2, MFC 137. Ní neadaíonn na cánóga in aon bhall ach fáin in sna failltheacha fiaine ná féadfadh aon duine dul ag triall orthu. PC Is i mBaile Iarthach is mó atá fáil ar na cánóga (puffins) agus bíonn roinnt le fáil leis sa Ghleann Iarthach. Ainmníodh an áit ó éan farraige, an chánóg, a bhíodh le feiscint go raidhsiúil ann. Cf. (i) Cairt Dáilthe Cánóg NHC 42, (ii) Léarscáil Dáilthe Puffin NHC 78. Bhí cánóga mar ainm coitianta i gCléire ar éin farraige ná tagadh ar dtír ach go h-annamh, ach bhí dhá chánóig ar a raibh a n-ainmneacha féin – an chánóg choisdearg, agus an colúr uisce. Éan maith mór an chánóg choisdearg ach tá an colúr uisce an-bheag. Bhíodh a nead ag an gcánóg choisdearg i bpoll coinín siar ó Pholl an Duirc agus bhíodh an dá ghearrcach chomh toirtiúil le goislíní. Is fada an lá ó ghabhas an bóthar sin anois agus ní fheadar an mbíonn siad fós ann DSD, IT. 06/08/1980.
111. Stacán Buí PC Pointe ard carraige suite beagán amach ón talamh. Cf. (i) Stucán LM 93; (ii) Stuaic, stuaicín, pinacle, height PNCW 505; (iii) Stack DHG 507.
112. Béal na Gaibhge PC, LSC 2, Stuckaunboy SO 2. Tagann Gaibhge, Gaidhge nó Gáibhthe ón bhfocal Gábh a chiallaíonn baol nó dainséar. B’fhéidir gur ó ghaidhgíocht nó guagacht na háite a hainmníodh. Léimeann an cúr san aer san áit seo agus bíonn dathanna difriúla air nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú air. Tá abha ag rith faoi thalamh ó Loch Ioral go Béal na Gaibhge PC.
113. Talamh Bhéal na Gaibhge PC, RBÉ 742:327. Suíomh sa bhfarraige a bhfuil cáil air mar thalamh iascaigh.
114. Loch Ioral PC, LSC 1, CFC 82 An Loch DSD, Loch an Bhaile Iarthaigh PC, SC 84, Loch an Bhaile Thuaidh PC Loch 11 acra a bhfuil sruthán ag rith uaidh faoi thalamh. Téann an sruthán chun farraige ag Béal na Gaibhge BIT 112. Ainm níos ársa ná an Ghaeilge féin is ea Loch Sról. Tugadh Loch an Bhaile Iarthaigh air toisc loch eile do bheith ar an gComalán. Tá abha ag rith síos go Béal na Gaibhge uaidh. Bhíodh eascúin fhíoruisce go raidhsiúil sa loch ach bhí sé riamh gan iasc ar bith eile ann. Deirtear go mbíodh péistíní beaga ann go dtugtaí camóga nó cúóga orthu a d’íosfadh an salachar d’éadaí a shéidtí isteach ann, más fíor. Tá go leor ionadacha maothadh lín timpeall imeall an locha ó bhí líon á fhás i gCléire. De réir traidisiúin tá pasáiste ag rith faoi thalamh ó Loch Iorail go Loch an Adhainn ag barr Cnoc Osta i Scoil Mhuire, Co. Chorcaí DSD.
115. Tráigín an Locha PC Tráigín an-bheag, tuairim 30 slat ar fhaid agus an t-uisce an-dhoimhin gar don imeall. Dheintí líon a phortú anso tráth.
116. An Fhaill Mhór PC, LSC 1, 2, Foilmore SO 2. Tá airde 200 troigh in áiteanna sa bhfaill.
117. Máintí na bhFáinleog, Máintí na bhFuinneall ? PC Ó Bhealtaine go Méan Fómhair a bhíonn fáil ar an bhFáinleog.
118-120. Cnoc PC
121-122. Faill na gCliar PC An bhféadfadh go bhfuil baint ag a ainmniú leis an bhfuaim atá le clos ón bhfarraige ansin DSD, Cf. Cliar, sharp high pitched voice FGD.
123. Díleann an Locha PC Bíonn farraige an-ard ag bualadh in aghaidh na faille anseo. Cf. Díleann na Cille BIT 24.
124. An Díseart PC Cuireadh an t-ainm seo air toisc go raibh áitíocht in aon áit bhítear ag iarraidh naofacht a cheiliúradh. B’fhéidir gur bhain sé leis an díseart ar an Mhór-Roinn, mar is dócha, atá cúig mhíle slat i gcéin ón áit seo. Tugann an fear is fearr aird ar Bhrídeog anseo, a chaitheadh sé isteach tráth ar Mhárta 10 aon bhliain chun cosc a chur ar fheoilséantacht naofa a bhítear ag scelebráidh agus chun an cuimhneachán a choinneáil ar an dáta sin go mbeadh an éan a bheith cróga sa chéad lá sa samhradh. Tugtar Sceithfheoil nó Sleáite naomhtha ar Bhrídeog, ar shlí eile.
125. Rinn Ard na gCaorach PC, LSC 2, SC 100, Áit na gCaorach LNDF 1928:88 Seo é an sean-ainm ceart a bhí ar Chléire. Pointe ard é ar a mbíodh caoirigh ag iníor DSD. Rinn Aird na gCaorach, the promontory W. of Loch Iriol, is called by some Rinn Áit na gCaorach. More careful speakers, however, use the form given in the map Cf. LiDF. Níor bhac feirmeoirí Chléire le beathú caorach puinn sa fichiú aois, bíodh go raibh siad coitianta go leor roimhe sin. Luaigh Lewis sa bhliain 1837 go raibh caoirigh Chléire an-bheag, tuairim a nochtadh arís sa Parliamentary Gazetteer 1844. The sheep are a tiny breed, fed on the most barren spots; and are kept for the sake of furnishing wool for the home-made manufacture of coarse frieze clothing PG 303; Sk. 111. Ní tugtar feasta i gcaint na ndaoine ar Rinn Ard na gCaorach agus ar Rinn Ard an tSrutha ach “thiar ar an gceann” nó “west at the head” ag lucht an Bhéarla. Is uafásach an truailliú é ar an dteangain. Chítear gach aon truailliú eile pé acu san abhainn nó sa loch nó sa bhfarraige é ach níl aird ar bith á thabhairt do thruailliú ár ndúchais agus ár dteangan. Bíodh ná fuil caoire ar bith againn anois ná ní raibh le leathchéad bliain agus tuilleadh, bheadh a fhios ag an ndall go rabhadar againn go fairsing lá dár saol mar go luaitear iad i logainmneacha dhá cheann ár n-oileáin mar atá Screathan na gCaereach agus Ard na gCaereach. Nach mó san rud agus eolas caillte i gcailliúint na teangan? DSD, IT. 28/10/1981. Cf. An Rinn Ramhair A 68.
126. Pointe Rinn Áit na gCaorach PC
127. Léim an Chapaill PC, Léim Chapaill Dhónaillín Taibhsigh SC 100. Tuairim leathmhíle soir ó Phointe Ard an tSrutha, is é sin an pointe is sia siar i gCléire, tá beart iascach slaite ann. Is é an ainm atá ar an mbeart seo Rinn Áit na gCaorach, latrach mhór de charraig go bhfuil pointe géar uirthi atá ag dul amach sa bhfarraige, agus cliathán socair aici. Tá rian chrú capaill beartaithe istigh sa chliathán socair sin. Do bhí sé ráite gurb amhlaidh a léim capall Dónaillín Taoiseach isteach ón ndúthaigh trasna ann. Agus Dónaillín Taoiseach féin ar a mhuin. Do bheadh timpeall le deich míle slí de léim air CÓS RBÉ 609:260.
128. An Fhaill Mhór PC
129. Drom an Chopúird PC, DSD B’fhéidir go bhfuil dealramh cupoird ar an áit nó b’fhéidir gur tháinig ceann i dtrá uair éigin DSD.
130. Rabha Faill na Téide PC, CÓS RBÉ 742:327, Rowfoilnateuda SO 2.
131. An Fhaill Fhiaclach PC, LSC 1, 2, MFC 137, An Fhoil Fheicealach LDF. Tá an fhaill gearrtha fiaclach anseo PC.
132. Faill na Téide PC, LSC 1 Foilnateuda SO 2 Faill ard tuairim 130 troigh os cionn na farraige.
133. An Cuas Gorm PC, LDF, LSC 1, 2, MFC 137 Uisce fíorghlan atá sa chuas.
134. Taobh an Bháid PC Dúrthas go raibh cosúlacht taobh báid ar chliathán na faille.
135. Pointe Rinn Áit na gCuairt PC. Cf. Rinn, DSD, IT. 18/02/1981.
136. Cuas Chathair Fheocháin MD Bhí Mícheál Ó Donncha den tuairim gur ó long The City of York a chuaigh go tóin poill in aice le Cruachán, Co. Chorcaí a ainmníodh. Tharlódh gur tháinig raic ón long-bhriseadh seo isteach sa chuas anseo.
137. An Seanduine PC
138. Leasaí PC Bhí an t-ainm ag PC agus DSD ach ní raibh aon mhíniú acu ar an téarma Leasaí. An bhféadfadh tagairt a bheith i gceist don dún ag Dún Thomáis BIT 199. Cf. Doonthomais TJW 25. Ba mhinic lios á thabhairt ar dhún. Cf. Leasach, aighe, belonging to a lios or fort, court-like, palace-like FGD.
139. Pointe na Leasaí, Pointe an Leasaí, Pointe an Lasaí PC
140. Carraig Leasaí PC
141. Pointe Ard an tSrutha PC, SC 99, RBÉ 609:269-76, Ardatruhu Point SO 1, 2, Puinte Ard a tSrutha, Pointe Aird a’ t-srotha, point of the height of the stream NB. Rinn Ard an tSrutha DSD Is minic na téarmaí Rinn agus Ard a bheith i dteannta chéile i logainmneacha. Cf. (i) Rinn Ard na gCaorach BIT 125, (ii) Rinn Ard a gCrónán C 270, (iii) An Rinn Reamhair Ca 1, (iv) Rinn, IT. 18/02/1981, (iv) Rinn, IPN 136-137.
Tagairt don sruth ard atá sa bhfarraige anseo atá i gceist. Rinn Ard a’ tSrutha an gob is sia siar den mbaile seo agus sin é an t-ainm ceart gaelach ar Cape Clear. Mar a chíonn an saol, is ó Cape Clear a fuaireamar an Ceann Chléire agus ní vice-versa DSD.
142. Ceann Cléire PÓL, DSD IT. 18/02/1982, Ceann Cléire, CÓS RBÉ 1607:180-1. Téarma coitianta sa logainmníocht in Éirinn é Ceann agus an chuid is airde de rud, rinn, poinnte nó ceann tíre a bhíonn i gceist de ghnáth. Léiriú ar airde na farraige a bhíonn ann amanta.
Páistí atá ag dul ar scoil agus ag foghlaim tír eolas na hÉireann, chífidh siad a mhinicí agus atá “ceann” dá thabhairt ar ghoba an tailimh atá dá ngobadh féin amach sa bhfarraige. Feicidís Ceann Léime, Ceann na dTrí gCaisleán, Ceann Chléire (Bill of Cape Clear SO) i gCléire, Ceann na dTrí gCaisleáin (Iarthar Chorcaí), Ceann Léime (Co. an Chláir, agus Co na Gaillimhe) – rud nó áit ná raibh riamh ann – agus na fichidí céanna eile dá leithéid. Ní chreidimse go raibh aon bhaint riamh ag an bhfocal “ceann” leis na h-áiteanna san ach gur bhéarlaigh scoláire éigin iad de thoisc nó de thionóisc nó le corp barr daille.
Ar Chléire féin, agus níor tugadh riamh air ach Cléire, is deimhin gur scoláire éigin nó mairnéalach Spáinneach nó Portaingéalach a thug ‘Cape Clear’ air agus do glacadh leis, i bhfios nó i ngan fhios do mhuintir Chléire féin. Fós go dtí an lá inniu níl de ainm acu ar an ngob san tailimh ach Rinn Ard an tSrutha agus ar an ngob is gaire dó Rinn Ard na gCaorach. Is ó Ghob an Chuais Leithin go Rinn Ard an tSrutha a tomhaistear faid an oileáin agus sin sin. Cf. Rinn, DSD, IT. 18/02/1981.
143. Pointe Chléire PC, The Bill of Cape Clear SO 1, 2 Pointe Chléire a bhí ag Tomás Rua Ó Súilleabháin ach is dócha go raibh beagán den nua-aoiseacht ag gabháil do Thomás’, DSD. Cf. James Fenton, Amhráin Thomáis Ruaidh: The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan (1785-1848), 95. Seo an pointe talaimh is sia ó dheas in Éirinn.
144. Boilg Cinn Cléire PC, Buillig Cheann Chléire LTS.
145. Licín an Bhranda MD Dúrthas gur raiceáladh bád ansan uair éigin agus fuarthas go leor branda air. Seans gur anseo a chuirtí branda agus ábhar eile i dtír tar éis teacht air go mídhleathach.
Bhí smugailéireacht ar siúl ar chósta theas na hÉireann le cianta. Ag cur síos ar a chuairt ar Chléire sa bhliain 1758 tagraíonn Pococke do ghnó na smugailéireachta agus do ghníomhaíocht lucht gárda an chósta.
They were alarm’d’ at seeing our boats thinking it was the King’s, as they had laid in great store of Rum from the West India fleet which they had lately pass’d. They were glad to be undeceiv’d though when the officers not long ago made a seizure the women rescued it JCHAS (1958), 80.
Sa bhliain 1810 tuairiscíodh in A General and Statistical Survey of the County of Cork, le Townsend, ‘They have frequent opportunities of a little traffic with homeward bound vessels’. Bhí lámh, leis, ag an Ath. Labhrás Ó Mathúna, sagart an oileáin thart ar 1818, sa ghnó mídhleathach seo más fíor don tseanchas. Luaitear chomh maith go raibh An Poll Tobac i mbaile fearainn Cheathrúna ina bhall stórais do ábhar smugailéireachta.
146. An Cnoc MD PC
147. An Fhaill Fhada PC, SC 99, MFC 137, Foiladda SO 1, 2. Applies to two long cliffs bounding a narrow cove on the western coast of the Townland of Ballyieragh North and about 34 chains south west of the centre of Lough Errul NBR. Situated around the edge of a creek running far into the Townland of Ballyieragh N. NB.
148. Tráigh Faill Fhada PC, 1847 Foilad Creek M.ch.
149. An Port PC, Lake FPC, Lough BSM. Ceann de thrí locha an Bhaile Iarthaigh a bhí ann tráth. Ar an Fair Plan agus ar an Boundary Surveyors Map 1839 léirítear loch mar a bhfuil an Port anois.
150. Garraí Shéamais Breathnach PC Garraí le Séamas Breathnach, i.e. 1896 James Walsh CRB.
151. Tobar an Phoirt PC 74 75
152. Cúl Mór PC. Cf. Cúl Mór Ca 20.
153. Garraí Cháit PC Garraí Cháit Ní Bourchill atá air, leis. Luaitear Bouswell i leith Chlann Uí Chéadagáin ar an mBaile Iarthach. Cf. (i) 1860 John Cadogan (Bouswell) FBC, (ii) 1880 William Cadogan (Bouswell) VB.
154. Leaca an Phoirt MVC
155. Garraí Shéamais PC Garraí le Séamas Breathnach, i.e. 1896 James Walsh CRB.
156-157. An Lochtín PC
158. Currach PC
159. Páirc Cnocáin PC
160. Leaca PC
161. Garraí Dhonncha PC
162. Garraí Nua PC
163. Tigh Chonchúir Uí Chochláin PC Tigh le Conchúr Ó Cochláin, i.e. 1852 Cornelius Coughlan CRB, 1853 Cornelius Coghlan GV, 1908 Cornelius Coughlan VB.
164. Páirc Thuaidh PC
165. An Pháirc Nua PC
166. Páirc an Tí PC
167. Cnocán na Mucalaí, Cnocán na mBuachaillí PC Roimh aimsir an ‘Land League’ ins an tsaol go mbíodh na daoine á gcaitheamh amach as a gcuid talaimh agus an cíos díolta, dúrthas go raibh lánúin ins an oileán so agus gur cuireadh amach as a mblúirín talaimh iad. Níl sé ráite cá raibh cónaí orthu ins an oileán. Ach tar éis iad a chur amach do chrom na comharsain ar thigh a thógáil dóibh tar éis na h-oíche titim, ar phíosa de thalamh bhásta. “Cnocán na mBuachaillí” is ainm don áit gur tógadh an tigh air agus tá ‘Cnocán na mBuachaillí’ suite ar an mbaile is sia siar ins an oileán. An Baile Iarthach a ghlaotar ar an mbaile seo.
De réir an chuntais, do bhí an tigh tógtha fé mhaidin agus an lánúin ina gcónaí ann. Níl sé ráite ach chomh beag cioca ar thóg an lánúin seilbh agus é choinneáil. Ach dealraíonn an sceál gur dheineadar an tseilbh a choiméad mar, mar a mbeadh san ní scaoilfeadh na comharsain fé’n a dhéanamh in aon chor.
Dealraíonn an scéal gur clocha a bhí mar mhianach ins na taobh fallaí, mar deir an cúntas gur leacacha móra fada tanaí cloch agus scalpacha a bhí mar dhíon ar an dtigh sin. Agus go rabhadar san curtha suas ar a foirm na slinne, na leacacha ar an dtaobh istigh agus na scalpacha a chlúdach na leacacha CÓS RBÉ 1143:256-257. Cf. Cnocán na Mucalaí BIT 37.
168. Garraí an Ghainimh PC
169. Páirc an Tí MVC
170. Tigh Michael Vincent PC i.e. Tigh le Michael Vincent Ó Céadagáin.
171. An Garraí Fada, An Pháirc Fhada PC
172. Páirc an Tí PC
173. Leacain na Páirce PC
174. Drom na Páirce PC
175. Garraí Sheáin Uí Laoghaire PC Aon pháirc amháin anois iad Garraí Sheáin Uí Laoghaire BIT 175 agus Garraí Sheáin Stack BIT 176.
176. Garraí Sheáin Stack PC
177. Garraí na Bó PC
178. Drom Liam Uí Churtáin PC Ainmnithe ó Liam Mac Curtáin, i.e. 1865 William Curten CRB. Cf. Mac Curtáin, An Gleann BGC.
179. Goirtín Dá, Goirtín Dhá, Goirtín Dátha, Goirtín an Dá BC, Goirtín Dháibhí nó Davy RBE 609:263, LSC, CFC, DSD Gort le David nó Davy Fitzgerald BC.
180. Ó Dheas Aneas PC
181. Síos is Aníos MD
182. Sruthán dá Abha MD
183. Garraí na Bó MVC, PC Garraí an Daimh MVC
184. Garraí an Phoirt MVC, PC
185. Páircín an Fhraoigh MVC
186. Páircín an Fhraoigh MVC Tá greim mhaith ag fraoch ar an oileán ó d’imigh an churadóireacht as nach mór i gCléire. Bell Heather agus Calluna vulgaris is mó a gheibhtear.
187. An Réidh MVC, PC Réimse mór talaimh fraoigh atá sa Réidh.
188. Báid Fhada MVC, PC
189. Carraig an Choiscéim MVC, PC, MFC 137, An Choiscéim MD, PC Applies to a detached rock about 3 chains long situated off the western coast of the Townland of Ballyieragh North and 7 chains west of Foilnagloghgal. It derives its name from the fact that it is possible to step on to it from the adjoining rocks on the mainland NBR.
Áit mhaith le haghaidh iascaireacht slaite do dhéanamh. Bheifí ag súil le hainm mar é ar oileán agus ar chósta. Tá Carraig an Choiscéim leis in Inis Fada BIF. Cf. Carraig Chiscéime Dinn.,V, 2 (1972), 35.
190. Cuas na Réidhe MVC, PC, Coosnreagh SO 2 Cuaisín atá carraigreach, ainmnithe is cosúil ón Réidh BIT 187.
191. Faill na gCloch nGeal MVC, Foilnagloghgal SO 1, 2.
192. Faill an Tí MVC, PC, Foilatigh SO 2 Tá rian tí a sheas ansin fós le feiscint ann PC.
193. Cuas Faill an Sciatháin MD, PC, Coosfoilaskehaun SO 1, 2. Applies to a cove on the western shores of Clear Island situated about 5 chains South of Foilnagloghgal. It is surrounded by high cliffs NBR.
194. Faill an Sciatháin MD, PC
195. Garraí Mháire Ní Mhineatháin PC Garraí le Mary Minihane, 1842 CRB. Phós Cornelius Coughlan, Mary Minihane sa bhliain 1842 CMR.
196. An Slios MD, PC Taobh na faille.
197. Géarán Beag MD Is dócha gur géarán, áit ghéar, atá i gceist san ainm.
198. Géarán Mór MD
199. Dún Tomáis PC, LSC 1, 2, SC 98, Doonthomas SO 1, 2. Do chur síos ar an dún Cf. TJW 253, SAC.
Tugtar Tomás an Bhacaigh ar an Éan Farraige nó Skua. Bíonn an t-éan seo ag faire ar na faoileáin go dtí go mbíonn iasc acu agus ansin itheann sé é más féidir leis é a bhaint ós na faoileáin.
200. Currach Inbhir PC
201. An Bánóg PC
202. Gort Gallúis PC Ba le Máiréad Bean Uí Dhonnabháin an talamh sin, ach dhíol sí le Comharchumann Chléire Teo. é c.1975.
203. Bóthar an Locha PC Bóthar ag rith siar ón gCumar go Loch Ioral. The High Road a thugann Lucht Faire Éan ar an mbóthar ón gCumar go Loch an Bhaile Iarthaigh. Bhí an bóthar seo tógtha faoi 1842. Cf. BSR mar a bhfuil léaráid de.
204. Gort Achadh Mhór PC Páirc nó gort is ea achadh.
205. Honolulu PC Bhí sé go maith chun barraí a thabhairt PC. Ainm a bhí i mbéal an phobail i rith an Dara Cogadh Domhanda nuair a bhí roinnt de fhearaibh Chléire ar seirbhís i gCabhlach Mheiriceá.
206. Garraí na Gréine PC Tá gallán ceithre throigh déag fé chlaí thoir na páirce seo agus deirtear go raibh sé ina sheasamh tráth.
207. Gort na gCarn PC
208. Gort na gCratha PC Thug sé ar aird láidir na grána thar na gcraobhacha agus tháinig mórán le páipéaracha, nó cratha, ar na crainnte. Síleann daoine eile go raibh na crainnte sin aigéanach go leor chun bruscar a tharraingt isteach ann. De ghnáth, áfach, cuireann na crainnte seo go mór leis an gcraobhacht.
209. Garraí na Pluaise PC
210. Garraí Lín PC
211. Páirc an Tí PC, Gort an Tí
212. An Garraí Mór PC
213. Gort an Tí PC
214. Garraí Thaidhg Óig PC Garraí le Tadhg Ó Céadagáin, i.e. 1860 Timothy Cadogan VB; Cf. Tigh Thaidhg Uí Chéadagáin BIT 246.
215. Garraí an Fhéir PC
216. Garraí Bhatt PC Garraí le Parthalán Mac Gearailt, i.e. 1841 Bat. Fitzgerald VB; Cf. Mac Gearailt, Baile Iarthach BGC.
217. Garraí Phádraig Uí Dhálaigh PC Garraí le Pádraig Ó Dálaigh, i.e. 1881 Patrick Daly VB. Cuir bull dubh agus bull dubh a fhásfaidh’–i.e. ‘Cad a dhéanfadh mac an chait’. B’shin ráiteas coitianta a bhíodh ag Paddy Ó Dawley. Mhair Pádraig Ó Dálaigh in Ardghort áit a raibh feirm aige. Bhí tigh tábhairne sa Chumar ina dhiaidh sin aige agus is ag Con Regan a bhí sé ansin DSD.
218. Garraí Dhiarmaid na Spáinneach PC Cochlánaigh ba ea Muintir na Spáinneach.
219. Páirc an Bhrollach PC
220. Gallán Bhaile an Iarthaigh DSD Cuid de chlaí teorann Ghort an Ghalláin atá ann agus é suite ar airde os cionn Loch an Bhaile Iarthaigh. Soir-siar a fhéachann aghaidh na cloiche seo a bhfuil airde gar do sheacht dtroigh inti.
221. Garraí an Ghalláin MTC, Páirc an Ghalláin, Gort an Ghalláin 1614 Gortegollan CPR, Gortagolane DSM, BSD. 1659 Gortygallane CI, 1685 Gortagolan HD. Suíomh mar atá ag baile fearainn an Chomaláin a tugadh dó ar léarscáil an Down Survey 1655-59.
222. Garraí Con Hegarty PC Garraí le Conchúr Ó hÉigceartaigh, i.e. 1928 Cornelius Hegarty VB. Cf. Hegarty’s Garden BIT 253-4.
223. Sebastapol PC Ainm-aistriú ar áitainm Rúiseach go Cléire atá anso. Bhí Sebastopol na Rúise faoi léigear ag tréimhsí éagsúla ó 1851 agus bhíodh tuairisc ar na himeachtaí seo sna nuachtáin chomhaimseartha. Bhí sé faoi ionsaí ag an tSeapáin i 1905 agus bhí an áit i mbéal daoine arís sna tréimhseí 1914-18 agus 1941-45.
224. Garraí Phádraig MTC, Garraí Phádraig Uí Dhálaigh MTC, Garraí Phádraig Uachtair MTC i.e. 1841 Patrick Daly HB
225. Garraí Phádraig Íochtair MTC Garraí le Pádraig Ó Dálaigh, i.e. 1841 Patrick Daly CRB; 1881 Patrick Daly VB.
226. Garraí Dhónail Uí Shíocháin PC i.e. 1880 Daniel Sheehan VB.
227. Garraí an Lín PC Cf. Loch an Lín C 161.
228. Garraí Dhónail Uí Mhathúna PC
229. Reek Garden PC Cf. Garraí na Cruaiche CLF 4.
230. Páirc an Tí PC
231. Tigh Dhonncha Liam PC
232. Clais Mhór PC
233. Tobar Phádraig Uí Dhálaigh. Cf. Garraí Phádraig Uí Dhálaigh BIT 217. PC
234. Tobar Dhónaill Uí Shíocháin. Cf. Garraí Dhónail Uí Shíocháin BIT 226. PC
235. Garraí Ataigh DSD
236. Garraí an Aitinn MD,, Furze Garden MD PC
237. An Cionáit Thiar PC
238. An Cionáit Thoir PC
239. Garraí Shéamais Spáinnigh PC
240. An Leacain PC
241. Garraí Shíle Thoir PC
242. Garraí Shíle Meáin PC
243. Garraí Shíle Thiar PC
244. Tobar Shíle PC
245. Tigh Dhonncha Mac Curtáin BC
246. Tigh Thaidhg Uí Chéadagáin BC
247. Tigh Mhaitiú PC
248. Tigh Éibhir Mhóir DSD Bhí sé ráite go raibh Bráthair ar a theitheadh i gCléire uair éigin i lár na hochtú haoise déag agus go raibh sé ag fanúint i dtigh Éabhair Mhóir Uí Dhrisceoil. Agus arís ní raibh a fhios ag na hoileánaigh go léir gur Bráthair nó manach a bhí ann ar aon chor mar gur shíl daoine áirithe go mba bhean é agus go dtugaidís sonc do Éabhar Mór an bhean ain-aithnid do bheith de shíor ina chuideachtain ag siúl na gcnoc. Deirtear gur chuir an Bráthair bosca faoi dhíon sa teach agus go ndúirt sé le muintir an tí gan baint leis an mbosca sin go dtiocfadh sé dá iarraidh arís – ní nár dhearnaigh. Sa bhliain 1850 tar éis don Athair Leadar, Sagart Paróiste na Rátha, Aifreann Stáisiún do léamh i dtigh Éabhair Mhóir, ar oscailt an bhosca dó fuair sé éadaí Aifrinn ina gcaidhan agus cailís a bhain le Mainistir Thigh Molaige tráth. Bhí scéal eile gur triúr a casadh leo i mbád beag san oíche, agus go raibh beirt díobh marbh agus an bosca so eatarthu. Tógadh an fear beo agus an bosca ar bord agus gur mar sin a tháinig Cailís Thigh Molaige go Cléire DSD. Tá seans go raibh na manaigh ag teitheadh ó Mhainistir Thigh Molaige, mainistir a scrios saighdiúirí Chromail i 1649. Más fíor seo, bhí an bosca i seilibh na clainne seo le breis agus dhá chéad bliain. Tugtar an chailís ar ais go dtí an oileán ó am go chéile le haghaidh ócáidí speisialta.
249. Tigh Sheáin Dhiarmaidín
Bóthar Dhiairmín PC
Róidín Cháit Bheist.
PC Riagánaig ba ea an mhuintir Bheist PC.
250. Garraí Chonchúir Uí Shíocháin, Garraí Dhiarmaid Uí Shíocháin PC Garraí le Conchúr Ó Síocháin, i.e. 1897 Cornelius Sheehan VB. Cf. (i) Ó Síocháin, Lios Ó Móine BGC, (ii) Ó Síocháin, Comalán BGC.
251. Róidín Chonchúir Uí Chéadagáin PC Bóithrín go Tigh Chonchúir Uí Chéadagáin, i.e.1860 Cornelius Cadogan VB.
252. Gort an Tí PC
253. Hegarty’s Garden PC Garraí le Seán Ó hÉigcheartaigh, i.e. 1930 John Hegarty VB. Níl éinne den ainm Éigcheartaigh ar an oileán anois. B’é John Hegarty an duine deireanach den ainm sin a chónaigh i gCléire. Fadó thagadh ana-chuid tincéirí isteach go dtí an oileán seo ag díol rudaí. Bhí aon fhear amháin ón Sciobairín agus do thagadh sé isteach go hana-mhinic. Sé an ainm a bhí air ná Seán Ó hÉigcheartaigh. Do bhíodh sé ag díol buicéidí agus (oighealláin) oighin agus gach aon ní mar sin. An uair a bhí sé ag teacht isteach go Cléire do bhí ana-chuid airgid á dhéanamh ag muintir an oileáin agus uime sin do cheannóidís a lán rudaí uaidh. Bhí sé ana-áiseach leis, mar do dhéanadh sé gach aon saghas rud do cheartú, cur i gcás citil, buicéidí, corcáin agus a lán rudaí eile mar sin. Na rudaí a chaitheadh na daoine uatha do thógadh sé sin iad agus do dhéanadh sé iad do cheartú agus do dhíoladh sé iad arís ar leath-phraghas, agus do dhéanadh sé ana-chuid airgid mar sin RBÉ S 295:113.
254. Hegarty’s Garden PC Garraí le Conchúir nó Seán Ó hÉigcheartaigh, i.e. 1928 Cornelius Hegarty VB nó 1930 John Hegarty VB.
255. Garraí Eoin Mhóir PC
256. Leacainín MTC
257. Tigh Thaidhg Uí Chéadagáin MTC Tigh le Tadhg Ó Céadagáin, i.e. 1860 Timothy Cadigan VB.
258. Tobar an Locha PC Tá Loch Ioral sa chomharsanacht.
259. Leaca an Locha PC
260. Tigh Chonchúir Uí Chéadagáin MTC Tigh le Conchúr Ó Céadagáin, i.e. 1860 Timothy Cadigan VB.
261. Tigh Mhichíl Mhóir MTC Tigh le Mícheál Mór Ó Céadagáin, i.e. 1925 Michael Cadogan VB; Cf. Ó Céadagáin, Baile Iarthach BGC.
262. Tigh Florence MTC Tigh le Finín Ó Drisceoil. Cf. (i) Ó Drisceoil, Comalán BGC, (ii) Ó Drisceoil, Cill Leice Fórabháin BGC.
263. Tigh Éireamhóin PC Tigh le hÉireamhóin Ó Drisceoil, i.e. 1928 Heremon Driscoll VB, 1972 Éireamhóin Ó Drisceoil VB.
264. Tigh Mack Donnchú PC Tigh le Mícheál Ó Donnchú. Cf. (i) Ó Donnchú, Ardghort; (ii) Ó Donnchú, Lios Ó Móine BGC.
265. Tigh Phádraig Uí Dhuinnín, Tigh May PC Tigh le May nó Máire Uí Dhuinnín. Cf. Ó Duinnín, Baile Iarthach BGC.
266. Tigh Pheig PC Tigh le Peig, Bean Liam Uí Riagáin.
267. An Caidéal PC Ba é seo an chéad chaidéal poiblí a chuir Comhairle Chontae Chorcaí ar fáil i gCléire. Bhí sé in úsáid ó 1935 go 1986 nuair a aistríodh go dtí Láthair Oidhreachta Chléire é mar mhír taispeántais.
268. Tigh Chiaráin MJC Tigh le Ciarán Ó Drisceoil. Mac le Danny Mike é Ciarán. Cf. (i) Tigh Dhomhnaill LM 43, (ii) Ó Drisceoil, Lios Ó Móine BGC.
269. Leaca Joan PC Ainmnithe ó Joan Leonard a raibh cónaí uirthi sa Chomar tráth.
270. Cuas Rí na gCeann MD Tá fuaimniú an ainm seo ag MD doiléir ar téip. Tá cosúlacht idir a bhfuil ar téip agus Cuas Rí na Geirrán ? atá ar LDF. Buille faoi thuairim ag MD a bhí san ainm Cuas Rí na gCeann.
271. An Bácús, Tigh an Bhacúis PC Seomra buailte le Tábhairne de Búrca agus atá anois in úsáid mar stór. Bhíodh báicéir ag bácáil aráin ann. Bhí Store ansin ag Richard Jackson, 1876 VB
272. Siopa de Búrca PC, DSD Dhá thigh buailte lena chéile atá anseo. Is sa chuid thiar den tigh a d’oscail Dónal Ó Dálaigh ón Ardghort síbín. Cf. Garraí Dhónail GL 44. Ba sa chuid is sine den tigh a bhí cónaí ar Dhálaigh an Chumair. Bhí síbín ansin acu breis agus céad bliain ó shin. Ba dhuine díobh John Daly, captaen an Thomas Joseph a chuaigh go tóin poill i 1918. Chum Din Mahony ón gCumar véarsaí dar teideal Lamentation of the Thomas Joseph 1918. Tigh Sheáin Uí Dhálaigh a bhíodh ag daoine air seo ach is Tigh de Búrca atá ar an dá thigh le fada. Siopa Dhonncha De Búrca nó Dinny Burke’s a bhí air go dtí le déanaí. Dúnadh an siopa c. 1994.
273. Rabha Oileán na gCeard PC
274. Tón Luing Bheag LDF
275. Tigh Mhiciló PC Tigh le Mícheál T. Ó Céadagáin, Cf. Ó Céadagáin, Baile Iarthach BGC.
276. Tobar Mhichíl MTC Ainmnithe ó Mhicheál Mór Ó Céadagáin, i.e. 1925 Michael Cadogan VB, athair Mhichíl T. Uí Chéadagáin.
277. Garraí Eoin Uí Tomás PC Bhí clann den ainm Thomas sa Chomar agus garraí ansin acu. Cf. 1860 Daniel Thomas VB; 1869 David Thomas VB.
278. Tigh Thomáis Uí Mhathúna PC
279. Tigh Mikey DS Tigh le Mícheál Ó Drisceoil. Mac le Danny Mike Ó Drisceoil a chónaigh i Lios ó Móine. Cf. Tigh Dhomhnaill LM 43.
280. Tigh Sheáinín PC Tigh le Seán Ó Céadagáin. Cf. Ó Céadagáin, Comalán BGC.
281. Tigh na nGeineadóirí PC Cf. Plean do Thigh na nGeineadóirí i gCartlann Chléire.
282. Oifig an Chomharchumainn PC Ceann de dhá fhoirgneamh réamhdhéanta a tógadh taobh le taobh anseo sna luath seachtóidí. Bhí earraí iarainn dá ndéanamh sa Mhonarchan Iarainn ann 1975-77. Is ann, ó 1986, a bhí oifig ag Comharchumann Chléire Teo. Potaireacht a rinneadh arís ar an fhoirgneamh san i 2019. Anois is áis ealaíne ann.
283. An Photaireacht MJC
284. An Grotto PÓL Tógadh an Grotto i 1960 agus cuireadh Gallán Chiaráin ina sheasamh mar a bhfuil sé anois, le hais an Grotto. Cf. Gallán Chiaráin BIT 8.
285. Tigh Phádraig Uí Chéadagáin MJC The Glebe BC, Tigh Pat The Glebe, i.e. Pádraig Ó Céadagáin
286. Áras na nOibreacha Poiblí DSD Stór le haghaidh trealaimh chothabhála don Chuan. Bhíodh maor an chuain, Duffy, ina chónaí ann tráth.
287. Trá na gCorp MÓD PC

RBE 609:263

LSC

CFC

DSD
An cúinne sin den Chuan is giorra don Reilig. Sarar tógadh na céanna i dTrá Chiaráin thagadh uisce na farraige go himeall na reilige. Tharla stoirm a d’fhág cuid des na huaigheanna nocht agus a scuab chun siúil a raibh i gcuid eile acu. Tugadh Trá na gCorp ar an mball ó shin.
288. An Gamhainín, Gamhainín na Carraige ED Tá carraig bheag eile taobh le carraig Aonach, An Gamhainín nó Gamhainín na Carraige mar a thugtaí uirthi. Tá sunda caol doimhin idir an Charraig agus an Gamhainín.

Deireadh na seandaoine nuair a thagadh maidin Lae Bhealtaine go bhfeictí Carraig Aonach roimh eirí gréine ag imeacht fé lán tseoil a bhfuirm loinge, le h-árthaí móra fada agus slata trasna ortha agus canafás breá geal agus dúrthas go dtagadh tairbhín ó Oileán Galaing ag glaoch ar Ghaimhnín na Carraige gach maidin Lae Bhealtaine agus go ngluaisídís araon soir roimh eirí gréine. Tá uisce doimhin timpeall ar Charraig Aonach timpeall dhá fead dhéag ‘sea doimhneas an uisce COS, RBÉ 609:284.
289. Boilgín na Carraige, Boilgín Charraig Aonair PC, ED
290. An Charraig Aonair PC Faightear leaganacha den ainm ‘Fastnet’ ar go leor muirchairteanna agus cáipéisí staire. Tugtar anso thíos cuid díobh in ord croineolaíoch.
Béal Cuan Chléire
Baile Iarthach Thuaidh
Cill Chiaráin Kilkieran 13th Century Church dedicated to St. Ciaráin
Dún an Óir